Nuacht & Imeachtaí
Tá cabhair á lorg ag tuismitheoir scoile, Joanne Matthews le comórtas a bhuachaint a bhfuil baint aige le Sudden Infant Death Syndrome. Téigí go
www.mykidstime.ie agus CABHRAÍGÍ LEÍ!
Joanne Matthews, a parent in this school wants your support to win a competition to do with S.I.D.S. (Sudden Infant Death Syndrome). Check our www.mykidstime.ie and GIVE HER YOUR SUPPORT!
Ceolchoirm na Nollaig
Seo thíos roinnt pictiúirí de chuid de na drámaí agus na píosaí ceoil a chuir ranganna éagsúla agus na daltaí atá ag déanamh ceoil le Majella agus Nóirín ar siúl do dhaltaí eile agus do thuismitheoirí roimh an Nollaig. Tá pictiúirí freisin de chuairt ar an scoil ag duine cáiliúil a chaitheann culaith dearg agus a thagann ón Mol Thuaidh!





Searmanas Fáíltithe dona Naíonáin Bheaga
Thug Séiplíneach nua na scoile, an t-Athair Pádraig Ó Cochláin a bheannacht dona Naíonáin Bheaga i Searmanas Fáiltithe sa scoil ar an Aoine, an 24ú Samhain. Bhronn Cathaoirleach na scoile, Úna Ní Riain, teastas ar gach páiste ag deireadh an searmanais. Is ócáid an-speisialta é seo i gcónaí do gach éinne i Scoil an tSeachtar Laoch!





CÓISIR NA SAMHNA 2011





Bhí spraoi mór ag na páistí ar an Aoine roimh briseadh na Samhna agus iad gléasta suas i gcóir cóisir Oíche Shamhna sa scoil. Mar is gnáth, bhí raon íontach de chulaithe ildathacha agus scanrúla le feiceáil. Is ar éigin go n-aithneofá cérbh iad na páistí!
_____________________________________________________________________________
CEOLCHOIRM LE JOHN SPILLANE
Cuireadh fáilte mór roimh John Spillane nuair a thug sé ceolchoirm íontach dúinn sa scoil ar an gCéadaoin 26ú Deireadh Fomhair. Ghlac na páistí páirt sa gceolchoirm freisin agus iad ag canadh amhráin traidisiúnta in éineacht le John ar nós Peigín Leitir Mór, Báidín Fheidhlimí, Seamaisín,Óró 'Sé do Bheatha Abhaile, Trasna na dTonnta, An Maidrín Rua, An Poc ar Buile, agus a thuilleadh.
Corn 'Sam Maguire' ar cuairt ar Scoil an tSeachtar Laoch
Máirt 4ú Deireadh Fomhair
le James McCarthy agus Philly McMahon
peileadóirí do Bhaile Átha Cliath agus Cumann Ballymun Kickhams
FIABHRAS AN CHLUICHE CEANNAIS!
Ar an Aoine 16ú Meán Fomhair thaispeáin an scoil ar fad ár dtacaíocht d'fhoireann na 'Dubs' agus sinn ag tnúth leis an gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. Bhí amhráin á gcanadh sa Halla agus ansin paráid ar Bhóthar Bhaile Munna le bratanna, hataí, éide gorm agus dubh-ghorm na 'Dubs' agus fiú corn Sam Maguire!
______________________________
Coirm 2011 sa Mhuileann Cearr
Thaisteal Ranganna a 5 agus a 6 go dtín Mhuileann Cearr ar an 3ú Márta chun pairt a ghlacadh i gCoirm 2011. Ócáid íontach a bhí ann agus d'fhilleadar abhaile le dhá dhuais. Seo thíos roinnt de na pictiúir den seó breá chuireadar ar siúil.
Lá Mór na Leabhar
3ú Márta 2011
Bhí an-spraoi go deo ag na páistí ar Lá Mór na Leabhar (World Book Day) agus iad gléasta mar a rogha caractéir as leabhar. Bhí go leor eile ar siúl ar an lá chun ceiliúradh a dhéanamh ar léitheoireacht agus leabhair - thug na páistí isteach an leabhar is mó a thaitin leo chun é a thaispeáint dona rang, agus bhí turas go dtí Leabharlann Bhaile Munna, áit a léigh na múinteoiri scéalta dona páistí.
Cuairt ar Stáisiún na nGardaí
Chuaigh an scoil ar fad ar cuairt ar Stáisiún na nGardaí i mBaile Munna i Mí Deireadh Fomhair. Chuir na gardaí fáilte íontach romhainn agus bhí an spraoi ag na páistí!
Chonaic muid na gardaí ar a gcapaill, bhaineamar triall as na cillíní agus as na gluaisteáin agus gluaisrothair. Bhí fiú deis againn gléasadh in éadaí na ngardaí!
Bhaineamar an taithneamh as an gcuairt. N'fheadar an raibh na gardaí traochta tuirseach ag deireadh an lae?!